Ciallaíonn ‘?’ litir amháin (litir ar bith)
Ciallaíonn ‘*’ sreath de litreacha (litreacha ar bith)
Mar shampla, le focail dar críoch “acht” a fháil, scríobh:
*acht
Le focail dar tús “mor” agus dar críoch “d” a fháil, scríobh:
mor*d
Agus le gach focal le dà litir a fháil, scríobh:
??
Mura bhfaightear focal, is fiú go mór triail a bhaint as an fhocal le ‘*’ ina dhiaidh. Mar shampla, le "loaf*" gheobhar:
loaf (small) | aircháelán |
loaf (small) | srubán |
Tá checkboxes beaga ar an fhoirm cuardaigh a thabhrann duit dóigh eile chun saoróg, “*”, a chur roimh an fhocal nó ina dhiaidh.
Litriú na gceannfhocal in DIL atá in úsáid tríd síos anseo.
Is minic dóigheanna éagsúla litrithe a bheith ar focal Sean-Ghaeilge, áfach. Mura bhfaigheann tú do fhocal le “áe”, mar shampla, bain triail as: ai, oi, oe, le síntí fada agus gan síntí fada. Seo samplaí eile (cuid mhaith acu ó David Stifter):
ae :: ai, oi, oe, aei, ao, aoi [agus a mhalairt]
é :: éi, éa
-nd :: -nn
-th :: -d
f séimhithe :: 0 (m.sh. nemfírinnech = nemírinnech)
éo :: éu (m.sh. indéoin, indéuin)
°iCe, °iCi :: °Ce, °Ci (m.sh. sétche, séitche)
°CaiC :: °CiC (m.sh. Notlaic, Notlic)
tch :: tg (m.sh. séitge, séitche)
euch :: eoch :: ech (m.sh. Euchu, Eochu, Echu)
ld :: ll (m.sh. acaldam, acallam)
mb :: mm (camb, camm)
m :: mm (cam)
Agus cuimhnigh, uaireantaí sna lámhscríbhínní déanacha:
d, b, g - go gciallaíonn siad t, p, c
dh, bh, gh - go gciallaíonn siad d, b, g
cc, tt ag tús focail - go gciallaíonn siad c, t le hurú /g, d/
nach scríobhtar séimhiú ar c, t = ch, th
srl.
An litriú Briotanach atá faoi réim anseo, .i. “plough, defence, labour” in áit “plow, defense, labor”, srl.
noun | noun |
verb | verb |
adj. | adjective |
adv. | adverb |
prep. | preposition |
pp. | prepositional pronoun |
pron. | pronoun |
num. | numeral |
conj. | conjunction |
part. | particle |
excl. | exclamation |
int. | interrogative |
phr. | phrase |
Gluais amháin atá san Dúil Bélrai. Fá choinne eolais breise ar na focail Shean-Ghaeilge agus Mheán-Ghaeilge, ba cheart duit amharc sa Dictionary of the Irish Language (Acadamh Ríoga na hÉireann) nó sa Lexique Étymologique de l'Irlandais Ancien (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath).