________________________________________________________________________________
Date: Mon, 19 Feb 2007 12:39:34 +0000
From: Marion Gunn
Subject: Re: [foram] gogamán/gúcamán
Tá "gogaide" agus "gogaire" ag an Duinníneach, mar théarmaí ar "midwife",
rud a mheabhraíonn suí ar do "ghogaide", a musclaíonn íomhá mar a bheadh
cearc ar gor (Gogaí Ó Gog, srl.). mg
On 15 Feb 2007, at 18:49, scríobh Séamus Mac Conmidhe:
mg
Focal eile atá coitianta i measc Ghaeilgeoirí Ghalltacht an
oirthuaisceart is ea "Gogamán/Gúcamán". Níl mé cinnte den
litriú mar is léir. Níor éirigh liom teacht air scríofa
síos áit ar bith seachas dhá bhuille ag gogamán ar
Google. "Feighlí linbh" an chiall atá leis agus baintear
úsáid as san áit a ndéarfá "babysitter" agus "childminder" i
mBéarla, cé nach ionann an bheirt sin.
Mo cheisteanna, c'as a dtáinig an focal, an bhfuil sé le fáil
sna Gaeltachtaí, an focal nua é nó an focal cumtha é?
----
Date: Mon, 19 Feb 2007 05:11:41 -0800 (PST)
From: Séamus Mac Conmidhe
To: foram@acmhainn.ie
Subject: Re: [foram] gogamán/gúcamán
Tá sé sin an-spéisiúil a Mharion. GRMA. Níl a fhios agam an bhfuil gaol
sanasaíoch ar bith idir na focail sin agus gocamán mar atá ag Ciarán Ó
Duibhinn agus Mac Bain?
-----
From: Brian O'Suilleabhain
Subject: Re: [foram] anonn
> Bhí ceist ó chianaibh faoin fhocal "anonn" - "innonn" a bhí ann ar dtús .i
Ní teangeólaí mé ach de réir DIL tá i>a freisin 'sna focail seo:
an (in); angor (ingor); anocht (innocht); anois (indossa); aréir (irráir)
: i mbárach > amáireach/amárach na haimsire seo.
________________________________________________________________________________
Faigh stuth bho Etymonline le:
http://www.google.ie/search?hl=en&q=site:www.etymonline.com+from-Ir
http://www.google.ie/search?hl=en&q=site:www.etymonline.com+O-Ir
http://www.etymonline.com/?search=Irish
http://www.etymonline.com/?search=Gaelic
(agus “Celt”, “Welsh”, 7c.)
________________________________________________________________________________
Comparison of Gaelic and Welsh (bho sheann leabhar)